Tháinig Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí an AE (RGCS) i bhfeidhm go díreach de réir dlí sna Ballstáit ar fad, Éire san áireamh, ar 25 Bealtaine 2018.
Faoin RGCS, sainmhínítear sonraí pearsanta mar "aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta (“ábhar sonraí”); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin".
Tá cearta ag gach duine maidir leis an gcaoi ina láimhseáiltear a s(h)onraí pearsanta. Aithníonn an ONSC go bhfuil riachtanas ann caitheamh leis na sonraí i mbealach cuí, dleathach. Tá an ONSC tiomanta dona hoibleagáidí a chomhlíonadh ina leith seo agus i leith gach sonra pearsanta.
Bíodh is gur rialtóir í ar a foireann agus a feidhmeanna féin, oibríonn an ONSC go príomhdha mar phróiseálaí a sholáthraíonn seirbhísí do chomhlachtaí poiblí eile. Ós mar sin atá tá na hoibleagáidí ar an ONSC mar phróiseálaí neamhchosúil leo siúd a bheadh ar rialtóir.
Tugtar aghaidh ar na ceisteanna seo lenár mBeartas Cosanta Sonraí agus tugtar liosta cuimsitheach ann de na beartais againn atá bainteach le sonraí, ar a n-áirítear oibleagáidí an ar ONSC a bhaineann le 'Iarraidh Rochtana ó Ábhair Sonraí'.
Uasdátófar an beartas go rialta chun próisis atá ag éabhlóidiú a léiriú.
Beartas Cosanta Sonraí an ONSC