Skip to main content

Eolas faoi Sheirbhísí Comhroinnte Airgeadais

In Aibreán 2022 lainseáladh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais in ocht gComhlacht Seirbhíse Poiblí. Le himeacht aimsire, cuirfí i bhfeidhm an córas lárnach nua cuntasaíochta airgeadais in ionad 31 córas éagsúil oidhreachta airgeadais, rud a gheobhaidh réidh leis an ngá chun córais éagsúla a chothabháil, a thacú agus a uasghrádú, agus dá bharr sin laghdófaí an costas agus cuirfí feabhas ar chúrsaí slándála.

Cuirfidh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais ar fáil seirbhís lárnaithe, caighdeánaithe cuntasaíochta agus airgeadais ar ardán teicneolaíochta amháin do 48 comhlacht Rialtais a thabharfar isteach de réir a chéile thar na trí nó ceithre bliana amach romhainn. Comhdhlúthóidh an t-ardán aonair seo caiteachas tríd an Státchiste; agus tacóidh le Sonrascadh leictreonach, Soláthar Leictreonach agus an bainistiú de shonraí soláthraithe.

Tacóidh Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais leis na feidhmeanna tábhachtacha airgeadais agus cuntasaíochta seo ar son an Rialtais láir, lena n-áirítear:

  • sonrascadh
  • r-Sholáthar
  • cuntais iníoctha
  • cuntais infhála
  • sócmhainní seasta agus cothabhail sócmhainní
  • bainistiú airgid thirim
  • bainistiú cánacha
  • mórleabhar ginearálta

Cumasaítear an t-athchóiriú ar thuairisciú airgeadais is gá chun tacú leis an aistriú chuig caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, leis an simpliú agus caighdeánú na bpróiseas cuntasaíochta ar fud an rialtais láir, neartófar comhlíonadh cheanglais tuairiscithe idirnáisiúnta agus trédhearcachta an AE.

Na buntáistí a ghabhann le Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais

Is iad seo a leanas na buntáistí a bhaineann leis an gcóras cuntasaíochta lárnach airgeadais nua seo don Rialtas agus don cháiníocóir:

  • De réir a chéile, ionadóidh sé 31 córas éagsúil oidhreachta airgeadais, rud a gheobhaidh réidh leis an ngá chun chórais éagsúla a chothabháil, a thacú agus a uasghrádú, agus mar sin laghdófaí an costas agus cuirfí feabhas ar chúrsaí slándála.
  • Tabharfaidh an t-ardán aonair seo le chéile an caiteachas a bhíonn ann ar fud an Státchiste. Tacóidh sé le sonrascadh agus r-Sholáthar agus le bainistiú sonraí soláthróra.
  • Cumasaítear an t-athchóiriú ar thuairisciú airgeadais is gá chun tacú leis an aistriú chuig caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta.
  • Leis an simpliú agus caighdeánú na bpróiseas cuntasaíochta ar fud an rialtais láir, neartófar comhlíonadh cheanglais tuairiscithe idirnáisiúnta agus trédhearcachta an AE.