Skip to main content

Ríomhshonrascadh le haghaidh soláthraithe

Tacaíonn Rannóg Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais na ONSC go hiomlán leis an gcur chuige náisiúnta i leith chomhlíonadh Threoir an AE (Treoir 2014/55/AE) maidir le ríomhshonrascadh sa soláthar poiblí. Bhí an ONSC ina chuiditheoir mór do Chaighdeán Eorpach a chur i bhfeidhm maidir le ríomhshonrascadh idir Bhallstáit an AE.

Mar chuid den gcur i bhfeidhm an Chórais bainistíochta airgeadais don Rialtas láir, tá an ONSC ag dul i gcomhpháirtíocht le Celtrino, an comhlacht a ceapadh chun an tairseach ríomhshonrasctha a sholáthar don Rialtas Láir. Leis an gcomhpháirtíocht seo is féidir sonraisc soláthróirí a tharchur go digiteach chuig an Rialtas Láir trí chomhéadan réad-ama.

Cuireann ríomhshonrascadh deiseanna agus sochair nach beag ar fáil do sholáthróirí agus tiocfaidh an ONSC i dteagmháil leat chun tacú leat mar gheall ar chonas an tseirbhís a úsáid. Léigh tuilleadh faoi ríomhshonrascadh anseo.

Tá tairbhe bainte ag an ONSC as cabhair deontais a fuarthas ón AE, mar chuid de chuibhreannas atá ag iarraidh cur leis an nglacadh le seirbhísí sonrasctha i Málta, sa tSicil, agus in Éirinn. Ba bhreá linn ár mbuíochas a ghabháil le hIT Sligeach as an tacaíocht ollmhór a thug siad dúinn trí bhainistíocht tionscadail a dhéanamh ar an dianiarracht seo.

Féach air seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi bheith i do sholáthróir rialtais.

Féach air seo chun tuilleadh eolais a fháil faoi ríomhshonrascadh agus PEPPOL, a thacaíonn le tarchur ríomhshonrasc.