Skip to main content

Scéim Bhliantúil na bPasanna Taistil: Eanáir 2023 - Nollaig 2023

Léigh an foláireamh seo go léir mura miste mar go bhfuil faisnéis thábhachtach le fáil inti maidir leis an bpróiseas iarratais atá ann i mbliana le haghaidh Scéim Bliantúil na bPasanna Taistil. Déan dian-mhachnamh faoinar cheart duit iarratas a dhéanamh más samhail oibre chumaisc atá agat faoi láthair, toisc gur féidir nach mbeadh coigilteas costais TaxSaver de tairbhe do na daoine siúd nach bhfuil ag comaitéireacht ar bhonn lánaimseartha.

Mar gheall ar an laghdú 20% ar phraghsanna na dticéad do chustaiméirí Bus Átha Cliath, Luas, Bus Éireann, Iarnród Éireann agus Go-Ahead Ireland a bheith curtha i bhfeidhm, bhí síneadh TaxSaver saor in aisce fógartha do ticéid bailí. Tá CCanna an tsínidh seo atá curtha i bhfeidhm ag TaxSaver ar fáil anseo.

Bainisteoirí: Cinntigh le do thoil go dtarraingítear aird na n-oifigeach sin uile atá as oifig faoi láthair ar an bhfógra seo.

Aonaid AD: Cinntigh le do thoil go gcruthaítear gach cás a chruthaítear thar ceann duine de bhur n-oifigigh in ainm an oifigigh sin seachas in ainm bhall foirne áitiúil de chuid an Aonaid AD. Seolfar ticéid nua don bhliain 2023 go díreach chuig AD Áitiúil le seoladh.

Don fhoireann go léir,

Tá Seirbhísí AD NSSO ag glacadh le hiarratais do scéim Bhliantúil na bPasanna Taistil Eanáir 2023 - Nollaig 2023 anois. Tá an scéim oscailte do rannpháirtithe scéime reatha agus nua araon. Tá an fhaisnéis thíos ábhartha d’iarratasóirí nua agus dóibh siúd a dteastaíonn pas athnuachana uathu le haghaidh Phas Taistil Eanáir 2023 – NÁ déan iarratas anois má tá pas bailí reatha atá chun dul in éag níos déanaí in 2023.

Is é 4 pm an 9 Samhain 2022 an dáta deiridh le haghaidh iarratas.

An Próiseas Iarratais:

Ní mór an t-iarratas a dhéanamh ar ár suíomh gréasáin. Ar an suíomh gréasáin, is féidir teacht ar na sonraí go léir faoi na soláthraithe taistil atá rannpháirteach sa scéim, chomh maith le téarmaí agus coinníollacha Scéim Bhliantúil na bPasanna Taistil. Roghnaigh an cineál ticéid ceart ón liosta atá ar fáil ar www.taxsaver.ie nó ar shuíomh gréasáin do sholáthraí sula gcuireann tú d’iarratas isteach.

Tar éis duit ríomhfhoirm an Phas Taistil a chomhlánú, gheobhaidh tú r-phost uathoibrithe le hUimhir Aitheantais Cáis. Is féidir le suas le huair an chloig a bheith i gceist chun an ríomhphost seo a eisiúint. Ba cheart caitheamh le hAitheantais an Cháis mar dheimhniú go bhfuarthas d’iarratas. Bain úsáid as an Aitheantais Cháis seo mar thagairt má dhéanann tú teagmháil linn faoi do chás.

Maidir le baill foirne nach bhfuil rochtain acu ar ríomhfhoirm an Phas Taistil ar ár gcóras féinseirbhíse AD, is féidir leat foirm iarratais an Phas Taistil a chomhlánú anseo agus í a sheoladh ar ríomhphost chuig teagmhail@nsso.gov.ie leis an líne ábhair ‘Eanáir 2023 Aighneacht Pas Taistil', roimh dúnadh an fhuinneog iarratais ar 4 pm an 9 Samhain 2022.

Pointí Tábhachtacha:

  • Bí ar an eolas, seans nach leas airgid é leat iarratas a chur isteach chun Pas Taistil Bliantúil a fháil mura mbíonn tú ag timaistriú an t-am go léír agus má tá tú ag obair ar leibhéal cumaisc nó ag cianobair, ní féidir an choigilt chostas Tax Saver ach a bheith ina buntáiste do dhaoine atá ag timaistriú ar bhonn lánaimseartha
  • Ní mór d’iarratasóirí nua amháin a thabhairt faoi deara go dteastaíonn grianghraif dhigiteacha de chineál pas chun do thicéad a eisiúint. Caithfear an grianghraf a bheith nach mó ná 64KB, agus ní mó an fhormáid a bheith JPEG.
  • Is ortsa atá an fhreagracht a chinntiú go bhfuil an foirm comhlánaithe i gceart agus go bhfuil grianghraf ceangailte léi, más gá.
  • Déan cinnte go bhfuil an cineál ticéid ceart roghnaithe agat ón liosta atá ar fáil ar www.taxsaver.ie nó ar shuíomh gréasáin do sholáthraí sula gcuireann tú d’iarratas isteach.
  • Le haghaidh na daoine atá chun an pas a athnuachan agus a bhfuil an Leapcard céanna a d'eisigh Seirbhísí AD dóibh acu, úaslódáilfear ticéid don Leapcard seo.
  • Le haghaidh iarratasóirí nua nó le haghaidh daoine nach bhfuil an Leapcard céanna a d'eisigh Seirbhísí AD dóibh acu, seolfar do Leapcard trí phost chuig do rannóg Acmhainní Daonna Áitiúil.
  • Is féidir le hiarratasóirí atá ag iarraidh ticéad nua ó Luas úsáid a bhaint as Leapcard pearsanta a ordaítear ó www.leapcard.ie
  • Is féidir le hiarratasóirí atá ag iarraidh ticéad ó sholáthraithe, leithéidí Swords Express nó Matthews Coaches, úsáid a bhaint as Leapcard pearsanta arna ordú ó www.leapcard.ie

Caithfidh cártaí Leapcard a bheith cláraithe; is féidir é seo a dhéanamh anseo Cláraigh do LeapCard. Má theipeann ort do chárta a chlárú, beidh toradh airgeadais aige sin, agus beidh sé ina chúis le moill shuntasach má chailltear do chárta, má dhéantar damáiste dó nó má ghoidtear é. Má tá cárta athsholáthar faighte agat in ionad an chárta bhunaidh a eisíodh chugat, seol ríomhphost chuig teagmhail@nsso.gov.ie.

Tabhair faoi deara le do thoil gur féidir nach nglacfar leis an grianghraf nua a uaslódáiltear in ionad an grianghraif a bhí ann cheana féin ar chárta taistil do sholáthraí.

Má tá aon cheist agat maidir leis an scéim, féach ár suíomh gréasáin. Más rud é nach bhfuil freagra le fáil ann ar do cheist, cuir fiosrú isteach le do thoil trí ríomhphost, chuig teagmhail@nsso.gov.ie agus tagairt ann d’uimhir do chás. Le haghaidh ceisteanna práinneacha is féidir leat glaoch orainn ar 0818 107 100 freisin, le fáil as Béarla amháin faoi láthair.

Le gach dea-ghuí, Foireann Sheirbhísí d’Fhostaithe

Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte

Deireadh Fómhair 2022