Skip to main content

Cé muid féin

Forléargas agus stair

Forléargas

Soláthróir Éireannach Seirbhísí Comhroinnte d'Acmhainní Daonna, riaradh párolla agus seirbhísí airgeadais do Ranna Rialtais agus Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí (CSPanna) is ea ONSC. Cloímid le samhail ghnó a bhfuil glactha léi agus atá coitianta i bhformhór na n-eagraíochtaí móra agus na riarachán Rialtais ar fud an domhain.

Ó bunaíodh é in 2012 mar chuid de Chlár Athchóirithe na hEarnála Poiblí, tá an ONCS tagtha chun cinn le bheith ar cheann de na hoibríochtaí seirbhísí comhroinnte is mó in Éirinn.

Cuirtear i bhfeidhm lenár Seirbhísí Comhroinnte beartais agus nósanna imeachta an Rialtais maidir le hAcmhainní Daonna, párolla agus airgeadas thar ceann ár gcliant de chuid an Rialtais agus fanann an chinnteoireacht mhór ar fad leis an gcliant i ngach aon Roinn Rialtais nó Comhlacht Seirbhíse Poiblí.

Tá breis is 800 ball foirne de chuid na Státseirbhíse ag ONCS agus tá siad lonnaithe i sé oifig ar fud na hÉireann.

An Stair Againne

Tá úsáid á baint as Seirbhísí Comhroinnte mar shamhail ghnó i Státseirbhís na hÉireann leis na blianta fada. In 2011 sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí moladh samhlacha nua Seirbhíse Comhroinnte mar dheis chun leasú agus nuáil a chur ar fáil ar fud na Seirbhíse Poiblí.

In 2012, thug Rialtas na hÉireann údarás chun Seirbhísí Comhroinnte a chur i bhfeidhm chun tacú leis an bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Thosaigh an chéad lárionad Seirbhísí Comhroinnte (ar a dtugtaí roimhe seo PeoplePoint, Seirbhísí AD anois mar chuid den ONSC*) ag obair in 2013. Thosaigh an tSeirbhís Párolla ag obair níos déanaí sa bhliain chéanna.

In 2014, bhunaigh an Rialtas an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte * (ONSC) mar oifig riaracháin laistigh den Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Cuireadh tús le dréachtú an Bhille fán Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte (chun an ONSC a bhunú mar Oifig Státseirbhíse neamhspleách) in 2016 agus i mí Iúil 2017 shínigh an tUachtarán Michael D. Higgins é seo ina dhlí.

Is oifig reachtúil Rialtais anois an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte arna bunú faoin Acht fán Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte, 2017 agus rinneadh Oifig reachtúil Státseirbhíse de ar 1 Eanáir 2018.

Is féidir leat an tAcht fán ONSC, 2017 a léamh Anseo

Tá an ONSC i gceannas anois ar an straitéis Sheirbhísí Comhroinnte agus ar chur i bhfeidhm Seirbhísí Comhroinnte i Státseirbhís na hÉireann, faoi choimirce na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá sí freagrach go díreach as Seirbhísí Comhroinnte gnó a chur ar fáil laistigh den státseirbhís agus, mar chuid dá ról leathan ceannaireachta, soláthraíonn sí chomh maith treoir agus tacú saineolaíoch d'earnálacha eile den tseirbhís phoiblí agus iad ag cur a dtiomantas do Sheirbhísí Comhroinnte a chur chun cinn.

In Aibreán 2022 lainseáil an ONSC Seirbhísí Comhroinnte Airgeadais, an tríú tairiscint seirbhíse comhroinnte aige do Chomhlachtaí Seirbhíse Poiblí. Leis an tseirbhís nua seo tugadh isteach caighdeánú na gcleachtas cuntasaíochta agus teicneolaíocht nua uathoibrithe chun cuntais chaighdeánaithe a tháirgeadh i gcomhair an Rialtais láir agus na nOifigí, agus é ag soláthar eolais níos fearr bainistíochta airgeadais chun éifeachtúlacht níos fearr a chinntiú.

Misean, fís agus luachanna

Is é ár misean mar Oifig Státseirbhíse seirbhís den scoth a sholáthar d'fhoireann na Státseirbhíse agus na Seirbhíse Poiblí (ár n-úsáideoirí deiridh) thar ceann ár gcliant, Comhlachtaí Seirbhíse Poiblí agus luach ar airgead a sholáthar do shaoránaigh trí sheirbhísí gnó corparáideacha den scoth agus léargais sonraí a sholáthar don Rialtas.

Ár bhFís

Is í an fhís atá againn don ONSC ná a bheith mar eagraíocht atá dírithe ar chustaiméirí, atá nuálach agus ag foghlaim i gcónaí, a leagann síos na caighdeáin do sheirbhísí comhroinnte agus léargais sonraí atá ar ardchaighdeán i gcónaí agus a thacaíonn le riachtanais ghnó, agus atá á gcur sin ar fáil. Agus muinín ag daoine eile asainn, tógfaimid cultúr láidir atá comhoibritheach, tiomáinte ag feidhmíocht agus dírithe ar dhaoine.

Ár Luachanna

Is iad seo a leanas ár luachanna, ag tógáil ar Chód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse:

  • Tús Áite do Dhaoine: Is iad ár ndaoine atá ina n-eochair leis an rath atá orainn, agus táimid tiomanta do dhaoine a chur in ionad láir in ár gcuid oibre mar aon leis an bhfeidhmíocht agus leis an bhforbairt.
  • Próiseas agus nuáil dhigiteach sa dara áit: Bímid ag iarraidh teacht ar shimplíocht phróisis, agus cothaímid meon atá feasach ar an bhfeabhsú leanúnach.
  • Sársheirbhís i gcónaí: Tá sé mar aidhm againn feabhsúcháin san oibríocht agus eispéireas tapa don chustaiméir a sholáthar a bhfuil fonn chun feabhais agus chun riachtanais ár gcustaiméirí a shásamh mar bhonn faoi.

Is é ár n-uaillmhian bheith mar eagraíocht atá ag éirí níos forásaí, níos iontaofa agus níos gairmiúla agus bheith mar áit iontach le bheith ag obair ann.

Straitéis, pleananna gnó agus tuarascálacha

Is mar seo a leanas an achoimre ar Ráiteas Straitéise an ONSC 2021 – 2023:

  • Seirbhísí Corparáideacha Comhroinnte den scoth a sholáthar
  • Ár nDaoine a Mhealladh, a Chumasú agus a Chumhachtú
  • Infheistiú i dTeicneolaíochtaí Digiteacha Nua
  • Seirbhísí Comhroinnte a Chur Chun Cinn ar fud na hEarnála Poiblí

Ráiteas Straitéise

Ráiteas Straitéise an ONSC 2023-2026

Ráiteas Straitéise an ONSC 2021-2023

Ráiteas Straitéise an ONSC 2019-2022

Pleananna Gnó

Plean Gnó an ONSC 2021

Plean Gnó an ONSC 2020

Plean Gnó an ONSC 2019

Plean Gnó an ONSC 2018

Plean Gnó an ONSC 2017*

Plean Gnó an ONSC 2016*

Plean Gnó an ONSC 2015*

*Nóta: Maidir le Pleananna Gnó an ONSC 2015, 2016 agus 2017 leathanaigh iad a baineadh as Pleananna Gnó bliantúla na Roinne Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe, mar go raibh an ONSC ina cuid den Roinn sin i gcónaí ag an am sin. Chun Pleananna Gnó iomlána na RCPA do na blianta thuas a fheiceáil, cliceáil Anseo le do thoil

Tuarascáil Bhliantúil

Ag deireadh gach bliana foilsíonn an ONSC a Tuarascáil Bhliantúil ina n-aibhsítear a gnóthachtálacha don bhliain sin agus a straitéis agus a fís don todhchaí.

Tuarascáil Bhliantúil 2021

Tuarascáil Bhliantúil 2020

Tuarascáil Bhliantúil 2019

Tuarascáil Bhliantúil 2018

Tuarascáil Bhliantúil 2017

Tuarascáil Bhliantúil 2016

Tuarascáil Bhliantúil 2015

Ár mbord bainistíochta

Is é bainistíocht inmheánach sinsearach an ONSC atá mar Bhord Bainisíochta an ONSC. Is é an aidhm atá aige ná ceanaireacht straitéiseach, fís agus treoir a chur ar fáil don Oifig, an fheidhmíocht a mhonatóiriú i bhfianaise pleananna corparáideacha, buiséad agus spriocanna agus a chinntiú chomh maith go mbíonn creat cuí rialachais ag feidhmiú don ONSC.

Is iad comhaltaí an Bhoird Bhainisíochta ná:

  • Hilary Murphy-Fagan: POF
  • Seán Reilly: Ceannasaí na Seirbhísí Corparáideacha
  • John Ryan: Ceannasaí Seirbhísí do na Fostaithe
  • Bernie Kelly: Ceannasaí na Seirbhísí Airgeadais

Ár mbord comhairleach

Áirítear i measc chomhaltaí bhord comhairleach an ONSC

  • Niamh O’Donoghue: Cathaoirleach
  • An Dr Orlaigh Quinn: Ard-Rúnaí, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
  • John McKeon: Ard-Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí
  • Niall Cody: Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim
  • Jacqui McCrum: Ard-Rúnaí, An Roinn Cosanta
  • Ken Slattery: Comhalta neamhspleach arna cheapadh trí phróiseas PAS
  • Colette Talbot: Head of Transformation - Group Finance, Banc na hÉireann
  • Hilary Murphy-Fagan: Príomhfheidhmeannach, an ONSC

Ról na seirbhísí comhroinnte

Tugann Seirbhísí Comhroinnte le chéile na feidhmeanna riaracháin i réimsí ar nós Airgeadais, TF agus Acmhainní Daonna (AD), rud a ligeann d'eagraíochtaí agus Rialtais a n-acmhainní a dhíriú ar ghníomhaíochtaí lárnacha agus éifeachtúlacht riaracháin agus costas laghdaithe a bhaint amach.

Ní gan riosca a chuirtear na tionscadail do Sheirbhísí Comhroinnte a chur i bhfeidhm, ach áit a gcuirtear i bhfeidhm i gceart iad baintear amach leo éifeachtúlachtaí níos fearr agus seachadadh éifeachtach seirbhíse.

Is minic a thagann cláir Seirbhísí Comhroinnte chun cinn mar gheall ar riachtanas geilleagrach nó airgeadais le costais a laghdú agus éifeachtúlacht a fheabhsú, agus is mar seo a bhí in Éirinn in 2011.

Léirítear, áfach, leis an eispéireas san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí idirnáisiúnta nach sochair dhíreacha na coigilte costais agus na héifeachtúlachta amháin a thagann leis na Seirbhísí Comhroinnte, ach go mbíonn sochair eile ag gabháil leo, mar shampla, eolas bainistíochta níos fearr a fháil i gcomhair cinnteoireachta níos fearr agus an bhainistíocht shinsearach a scaoileadh saor ó phróiseáil idirbheartaíochta chun díriú ar bheartas a fhorbairt.

Comhlíonann Seirbhísí Comhroinnte fís an Rialtais don athrú agus tá Státseirbhís na hÉireann suite go maith chun foghlaim ó na heispéiris in áiteanna eile san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.

Áirítear ar na sochair a bhaineann le Seirbhísí Comhroinnte a chur i bhfeidhm:

  • Éifeachtúlacht bhreisithe i seachadadh na seirbhíse trí na próisis gnó agus idirbheartaíochta a chaighdeánú agus a optamú mar aon Seirbhís Chomhroinnte amháin
  • Fócas méadaithe ar a chinntiú go mbíonn seirbhís don chustaiméir ar ardchaighdeán seasta ag obair i slite nua
  • Teicneolaíochtaí cumasaithe a úsáid
  • Soláthar fíordheise chun leasuithe sa bhfórsa oibre a chur chun cinn a bheidh ina dtaca leis an státseirbhís amach anseo
  • Ábaltacht straitéiseach a chothú a bheidh in ann cumas agus ábaltacht a chur chun cinn laistigh d'eagraíochtaí.

Tá na dea-chleachtais seo go léir le chéile ag tabhairt torthaí feabhsaithe - i dtéarmaí seachadadh na seirbhíse, costas, trédhearcacht agus cuntasacht. Cuireann siad bunús ar fáil do sheirbhís phoiblí a bheidh níos éifeachtúlaí agus níos éifeachtaí.

Tá Seirbhísí Comhroinnte mar fhoinse dearfach chomh maith leis an infheistíocht dhíreach choigríche in Éirinn. Tá straitéis do Sheirbhísí Comhroinnte (ar a dtugtar chomh maith Seirbhísí Gnó Domhanda) tugtha amach ag an GFT i gcomhair na hÉireann. Is féidir leat é a léamh Anseo

Líonra na gCeannairí ar Sheirbhísí Comhroinnte

Tá Seirbhísí Comhroinnte ag fás agus ag aibiú i gcónaí i Seirbhís Phoiblí na hÉireann.

In 2012 thug an rialtas údarás d'úsáid Seirbhísí Comhroinnte ar fud Sheirbhís Phoiblí na hÉireann. Mar thoradh air sin, tá tionscadail agus oibríochtaí Seirbhíse Comhroinnte in earnálacha an Oideachais, na Sláinte agus an Rialtais Áitiúil mar aon leis an Statseirbhís. Tá tionscadail Seirbhísí Comhroinnte ag dul ar aghaidh laistigh de na hearnálacha seo, i gcomhréir lena bpleananna aonair Seirbhísí Comhroinnte.

Tá ról ceannaireachta ag an ONSC na hoifigí agus na rannóga eile Seirbhísí Comhroinnte de chuid na hearnálacha poiblí agus iad ag cur ar aghaidh a bpleananna aonair Seirbhísí Comhroinnte. Tá líonra na gCeannairí ar Sheirbhísí comhdhéanta de na ceannairí as gach aon cheann de na ceithre earnáil Oideachas, Sláinte, Rialtas Áitiúil agus an Statseirbhís, agus buaileann siad le chéile go rialta, iad ag obair as láimh a chéile chun feabhas a chur ar sheachadadh Seirbhísí Comhroinnte laistigh den tSeirbhís Phoiblí.

Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa tseirbhís phoiblí, féach le do thoil ár dTuarascálacha Bliantúla anseoTuarascáil Bhliantúil na ONSC 2021.